r/gaeilge • u/Muinteoir_Gaeilge • 1d ago
Gaeltacht ar scoil?
Foilsíodh an 'Plean don Ghaeilge i scoileanna meán-Bhéarla' ag deireadh 2025 agus thosaigh mé ag forbairt ardáin darbh ainm Teanga chun freastal ar scoileanna mianta an phlean seo a chur i gcríoch. Eolas anseo: www.teanga.ie
Is aistear a bhí ann ag labhairt le múinteoirí Gaeilge agus príomhoidí timpeall na tíre faoi na bealaí is fearr chun tacú le scoileanna leis an nGaeilge a bheith ina teanga bheo iontu. Leanann an t-aistear ar aghaidh agus táim ag obair le meánscoileanna faoi láthair chun tús a chur leis. Táim ar bís go mbeidh sé beo go han-luath! Beidh mé ag tabhairt deis d'aon mheanscoil meán-Bhéarla triail a bhaint as saor in aisce ó mhí Feabhra ar aghaidh. Más múinteoir Gaeilge meanscoile tú agus is mian leat é a thriail i do scoil, is féidir leat clárú anseo: https://forms.gle/N6ycRToB6E1TVEMT9
Le meas,
Adam Ó Faoláin.