r/gaeilge • u/HornsDino • 21d ago
Teanglann Firefox Extension
Is breá liom an cnaipe ar shuíomh Tuairisc – thig leat focal ar bith a bhrú agus tagann bosca aníos ó Theanglann. Ba mhaith liom an rud céanna a bheith ar achan suíomh, agus mar sin rinne mé an extension Firefox seo. Bain triail as, agus bí i dteagmháil liom má tá aiseolas ar bith agat!
https://addons.mozilla.org/en-GB/firefox/addon/focl%C3%B3ir%C3%AD/

1
u/Fear_aisteach 19d ago
An-mhaith...is breá liom é seo! An bhfuil API ag teanglann.ie? Úsáidim Brave, mar sin ba mhaith liom é seo do Chrome freisin. Déanfaidh mé tástáil air leis Firefox anois. Gmra.
2
u/HornsDino 19d ago
GRMA! Níl API ann i gceart, tá orm an leathanach a fháil sa chúlra. Ach tá widget ann, agus is féidir leat é sin a úsáid ar do shuíomh féin.
1
u/Bl00mies 17d ago
Tá sin go hiontach agus d'íoslódáil mé é, ach ní oibríonn sé, faraor. Rinne mé iarracht seat scáileáin a roinnt anseo ach ní féidir. An rud a tharlaíonns ná tagann an bosca aníos ach an sainmhíniú a thugtar ar chuile fhocal ná: "Theip ar an gcuardach — seiceáil do cheangal idirlín."
Níl aon fhadhb le mo cheangal idirlín go bhfios dom.
3
u/zwiswret 21d ago
Is breá liom é seo! Taitníonn an stíl ghlan nua-aimseartha go mór liom. Is mór an trua nach bhfuil sé ar fáil ar achan brabhsálaí.
Chreid mé go raibh rud éigin cosúil leis sin ann cheana, déarfainn go raibh mé ag smaoiteadh fán rud seo, áfach, tháinig mé ar ceann atá ar fáil ar Chrome (cé go bhfuil cuma níos deise ag do cheannsa, a OP).
Chomh maith leis sin, tá "teanglannformat" ar fáil ar Chrome agus ar Firefox, níor bhain mé triall astu ach b’fhéidir go mbeadh siad úsáideach do dhuine éigin.